Society


Cumann Gaelach

Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó sa choláiste, agus gan dabht ar bith 's í an cumann is fearr sa choláiste. Eagraimid imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge, ar nós ceolchoirmeacha, céilithe, díospóireachtaí, turais chuig an Oireachtas agus an nGaeltacht. Anuas ar sin, eagraimid seachtain iomlán d'imeachtaí - Éigse na Tríonóide. Tá i bhfad níos mó ag baint leis an nGaeilge san ollscoil ná mar a bhí ar scoil, bí pairteach agus tuigfidh tú! Má tá grá agus spéis agat sa teanga, bí linn - even if you only have cúpla focail! Chomh maith leis sin tá seomra caidrimh álainn - Seomra na Gaeilge i gcroílár an champais, oscailte gach uile lá chun do Ghaeilge a úsáid, cupán tae a bheith agat nó d'obair bhaile a dhéanamh. Téigh suas an staighre taobh thiar den Bhutrach (Buttery). Tar don Ghaeilge, fan don chraic!

Contact Details

Email Address: [email protected]

Postal Address: Cumann Gaelach

Social Media